News

Tairiscintí á lorg do sheirbhísí margaíochta

Tairiscintí á lorg do sheirbhísí margaíochta

Tá conradh ar luach suas le €200,000 ar tairiscint ag Cumann na bhFoilsitheoirí le margaíocht agus poiblíocht a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge thar tréimhse dhá bhliain.
Níor mhór d’iarrthóirí na cáilíochtaí seo a leanas a bheith acu:
• Taithí chruthaithe i réimse na margaíochta;
• Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa;
• Taithí ríomhaireachta agus eolas ar phacáistí éagsúla, chomh maith le taithí ar na meáin shóisialta;
• Ceadúnas iomlán tiomána agus úsáid cairr.
Seol iarratais ar rphost chuig: cumannnabhfoilsitheoiri@gmail.com roimh 19 Samhain.
Tuilleadh eolais ar fáil ón seoladh thuas nó ar www.cic.ie