News

Organisational Announcement

New staff appointment announced by Na Píobairí Uilleann / Baill foirne nua fógartha ag Na Píobairí Uilleann

Wednesday 18th January 2023

Na Píobairí Uilleann is pleased to announce the appointment of Muireann Ní Shé to the administrative staff of the organisation following an extensive recruitment process.

Muireann will succeed Fionntan Byrne as the NPU Education Programmes Co-Ordinator as he departs to work in the civil service.

Taking up her position on January 9, Muireann will work with all existing education partnerships and ensure the continued success of all our education programmes in uilleann piping, reedmaking and pipemaking. Muireann will report to the Administrator.

Speaking about the organisational developments, NPU Chief Executive Gay McKeon said: “On behalf of the Na Píobairí Uilleann I would like to sincerely thank Fionntan for his contribution to the work and progress of NPU over the past number of years and wish him the very best in his future endeavours. I would also like to congratulate Muireann on her appointment and wish her every success in her new role.”

Muireann Ní Shé is an uilleann piper, singer and multi-instrumentalist from Ballinhassig in County Cork. Born into an Irish speaking family, Muireann has been deeply immersed in traditional music all her life.

Muireann has a passion for music education and is an experienced tutor of the pipes, flute and whistle. She is also highly experienced in teaching musicianship and Suzuki violin in primary schools where she uses traditional music and song as a foundation. Muireann holds a First Class Honours BMus degree from the MTU Cork School of Music where she gained significant experience in choral conducting, orchestral arranging and composition.

About Na Píobairí Uilleann

Na Píobairí Uilleann (NPU), the Society of Uilleann Pipers was founded in 1968 when there were less than 100 uilleann pipers remaining. Today NPU is a thriving arts organisation dedicated to Sharing the Sound of Ireland through Access, Education, Performance and Preservation.

Since unveiling its restored Georgian premises at 15 Henrietta Street, Dublin, in January 2007, NPU has been busy catering for the expanding demand for regular tuition, as well as releasing many significant publications and recordings. With demand for pipes considerably exceeding supply, a dedicated Training Centre – PipeCraft – was established in 2011 to deliver training in the very highly skilled craft of uilleann pipemaking.

NPU is accredited by UNESCO as a competent Non-governmental Organisation in the field of Intangible Cultural Heritage (ICH). NPU lobbied the Irish Government to ratify the UNESCO Convention on Intangible Cultural Heritage which resulted in the inclusion of Uilleann Piping on the UNESCO representative List of the Intangible Cultural Heritage of Humanity in December 2017.

In 2023, NPU achieved the Investors in Diversity Silver Award from the Irish Centre for Diversity.

Na Píobairí Uilleann’s primary funding agencies include The Arts Council / An Chomhairle Ealaíon, Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, and Dublin City Council.

Na Píobairí Uilleann, 15 Henrietta St., Dublin 1, Ireland
Tel: +353-1-8730093
Email: info@pipers.ie
Web:  www.pipers.ie
Facebook: www.facebook.com/napiobairiuilleann
Twitter: www.twitter.com/napiobairi

Preaseisiúint de chuid Na bPíobairí Uilleann

Dé Ceadaoin 18ú Eanáir, 2023

Tá áthas ar Na Píobairí Uilleann a fhógairt gur ceapadh Muireann Ní Shé mar bhaill de mheitheal riaracháin na heagraíochta i ndiaidh phróiseas fairsing earcaíochta.

Tiocfaidh Muireann i gcomharbas ar Fionntan Byrne mar chomhordaitheoir clár oideachais  NPU, agus Fionntan ag fágáil le hobair sa státseirbhís.

Thosaigh Muireann ar an 9ú hEanáir agus beidh sí ag obair lenar comhpháirtithe oideachais chun cúrsaí agus ceardlanna píobaireacht, ar ghiolcacha agus ag déanamh píob a eagrú agus a chur a fáil d’fhoghlaimeoirí agus muintir na bPíob uilleann ar fud na cruinne. Tuairisceoidh sí go díreach don Riarthóir.

Ag caint dó ar na forbairtí eagraíochta dúirt an príomhfheidhmeannach, Gay McKeon: “Ba mhaith liom, thar ceann na bPíobairí Uilleann, buíochas ó chroí a ghabháil le Fionntan as a ndearna sé ó thaobh obair agus forbairt NPU le roinnt blianta anuas, agus guím gach rath ar amach anseo. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Muireann Ní Shé as a gceapachán agus guím gach rath uirthi ina ról nua.”

Is as Béal Átha an Cheasaigh i gContae Chorcaí do Mhuireann Ní Shé. Is píobaire, amhránaí agus ceoltóir ildánach í. Tá Gaeilge aici ón gcliabhán agus bhí ceol traidisiúnta riamh ag croí lár a saol.

Tá dúil ar leith aici san Oideachais Ceoil agus tá an-thaithí aici mar theagascóir ar na píob, ar an bhfliúit agus ar an bhfeadóg stáin. Tá taithí ar leith aici chomh maith mar mhúinteoir ceoltóireachta i mbunscoileanna, ina usáideann sí ceol agus amhráin traidisiúnta mar bunfhoinse . Bhain Muireann céim céadonóracha amach (BMus) ag Ceoil Scoil Chorcaí MTU agus is ann a mhuscail sí a suim sa chumadóireacht, sa chórstiúrthóireacht agus i gcóiriú ceoil freisin.

Eolas faoi Na Píobairí Uilleann

Bunaíodh Na Píobairí Uilleann (NPU) in 1968 ag an am a cheaptar go raibh níos lú ná 100 píobaire uilleann fágtha sa tír. Ach is eagraíocht atá faoi bhláth inniu í agus é mar aidhm aici Fuaim na hÉireann a roinnt trí Rochtain, trí Oideachas, trí Thaibhiú agus trí Chaomhnú.

Ón am ar oscail NPU a áitreabh i dteach Seoirseach athchóirithe i 15 Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath in 2007 tá sé ag freastal ar an éileamh atá ag fás gan stad ar oiliúint rialta ar an uirlis. Tá sé ag foilsiú agus ag eisiúint taifeadtaí tábhachtacha ó shin i leith freisin.   Toisc go bhfuil éileamh thar na bearta ar an uirlis í fhéin, bhunaigh NPU a sainionad oiliúna PipeCraft in 2011 chun oiliúint a chur ar fáil ins an saincheird ardoilte de dhéantús píbe.

Tá NPU creidiúnaithe le hEagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) mar eagraíocht neamhrialtasach inniúil (NGO) in san earnáil a bhaineann le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe (ICH).

Chuaigh NPU i mbun stocaireachta le Rialtas na hÉireann chun go ndaingneodh sé Coinbhinsiún UNESCO maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. De thoradh ar sin chuir UNESCO Píobaireacht Uilleann ar a Liosta Ionadaíoch d’Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Daonna i Nollaig 2017.

In 2023 bhronn Ionad na hÉireann um Ilchineálacht a nDámhachtain Airgid um Ilchineálacht ar NPU.

Is iad príomh-mhaoinitheoirí NPU ná Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

 Na Píobairí Uilleann, 15 Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1, Éire
Teileafón: +353-1-8730093
Ríomhphost: info@pipers.ie
Suíomh idirlín:  www.pipers.ie
Facebook: www.facebook.com/napiobairiuilleann
Twitter: www.twitter.com/napiobairi