News

Scríbhneoir Cónaithe i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig 2015*

Scríbhneoir Cónaithe i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig 2015*

*urraithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste Phádraig, Droim Conrach

Fáilteofar roimh iarratais ó scríbhneoirí Gaeilge ar phost mar Scríbhneoir Cónaithe i
gColáiste Phádraig, Droim Conrach, faoi scéim atá comhurraithe ag an gComhairle Ealaíon
agus ag Coláiste Phádraig. Beidh an Scríbhneoir Cónaithe a cheapfar faoin scéim seo ag
obair i Roinn na Gaeilge sa Choláiste i rith na bliana 2015 agus tabharfaidh sé/sí léachtaí,
ranganna agus ceardlanna ar ghnéithe éagsúla de scríbhneoireacht chomhaimseartha na
Gaeilge. Chomh maith leis sin, cuirfidh an scríbhneoir le hobair Roinn an Oideachais, Roinn
an Bhéarla, agus Léann Litríocht na bPáistí, de réir mar is cuí. Tabharfaidh an scríbhneoir
tacaíocht do scríbhneoirí cruthaitheacha phobal an Choláiste agus déanfar teagmháil leis
an bpobal áitiúil agus le pobal na tíre trí léamha poiblí agus rannpháirtíocht in imeachtaí
litríochta eile a eagrófar.

Tá sé i gceist go gcuirfeadh an tréimhse mar Scríbhneoir Cónaithe
deis luachmhar ar fáil don scríbhneoir a s(h)aothar cruthaitheach féin a fhorbairt agus a chur
chun cinn i suíomh tacúil oideachais.
Íocaíocht: €20,000 sa bhliain.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh idirlín: www.spd.dcu.ie/vacancies. Ní mór foirmeacha
iarratais a bheith istigh faoi:
12 meán lae, Deardaoin, 23 Deireadh Fómhair 2014.
Chuig: Roinn Acmhainní Daonna,
Coláiste Phádraig,
Droim Conrach,
Baile Átha Cliath 9.
Táthar ag súil go mbeidh agallaimh don phost seo ar siúil sa seachtain dar tús
10 Samhain 2014
Ní mór don iarrthóir dul faoin bhráid phróiseas imréitigh agus grinnfhiosrúcháin an Gharda
Síochána sula dtosaíonn siad sa phost seo leis an gColáiste.
Ní ghlacann Coláiste Phádraig le hiarratais leictreonacha
Is fostóir comhdheiseanna é Coláiste Phádraig