Na Píobairí Uilleann News, News

Comhdháil na gCeoltóirí Musicians Congress

Rochestown Park Hotel in Cork, on Saturday 6th February 2:00 – 5:00 pm.

The Musicians’ Convention on Saturday 6 February in the Rochestown Park Hotel is intended to help and advise musicians on a host of subjects. It will run from 2 pm to 5 pm, with speakers from the music industry giving talks on funding opportunities, publicity, insurance, copyright, marketing and publishing, amongst other topics. Speakers will include representatives from IMRO, the Arts Council and Gael Linn, and entry is €5. Musicians interested should register by emailing claru@cuireadhchunceoil.ie
Programme available on website
https://www.rte.ie/rnag/articles/sceala/2016/0125/762821-comhdhail-na-gceoltoiri-the-musicians-congress/

Dé Sathairn 6 Feabhra, don chéad uair, reáchtálfar Comhdháil na gCeoltóirí in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh mar chuid d’imeachtaí dheireadh seachtaine Bhonn Óir Seán Ó Riada.
Beidh an Chomhdháil ar siúl Dé Sathairn ó 2 pm go 5 pm, agus beidh réimse cainteoirí ó thionscal an cheoil páirteach ann agus iad ag cur comhairle ar cheoltóirí maidir le cúrsaí maoinithe, poiblíochta, árachais, cóipchirt, margaíochta agus foilsitheoireachta, i measc rudaí eile. Beidh ionadaithe ó IMRO, An Chomhairle Ealaíon agus Gael Linn i measc na gcainteoirí.
€5 an cead isteach, agus ba cheart do dhaoine go bhfuil spéis acu freastal ar an ócáid é sin a chur in iúl tré ríomhphost a sheoladh chuig claru@cuireadhchunceoil.ie

Tá an clár le fáil ar an suíomh www.rte.ie/rnag