News

Ceiliúradh ar Na Píobaí Uilleann ag Oireachtas Na Gaeilge

Beidh imeacht eolais maidir leis na Píobaí Uilleann – úirlis náisiúnta na hÉireann – ar siúl i rith Oireachtas Na Samhna i mbliana.

Beidh píobairí aitheanta ag casadh ceoil beo ar an lá agus déanfar cur síos ar stair na h-úirlise.

Beidh deis freisin ag daoine triail a bhaint as na píobaí.

Tá fáilte roimh chách!

1pm – 2.15pm: Eolas / Bain Triail As Na Píobaí
2.15pm – 3pm: Ceol beo

IONAD: ‘Ardán an Aonaigh’, Aonach an Oireachtais, INEC

Tuilleadh eolais le fáil ó Éanna Drury ar 0857527097.